Seanduine Chill Chocáin

Is teinn duch an pósa, fó-ríor, a gealladh dom,
Go h-óg mé ceangailthe ‘g críon-donan!
Nuair a chureadh le fórsa ‘n-a chomhair go tigh an tsagairt mé
Im chroí bhí m’atuirse ar linn le rá.
Ní thaithneann a shiúl, a lúth ná a sheasamh liom,
A mhala throm chlúmhach ná a shúile dearaga,
Go mb’fhearr liom óigfhear a phógfadh mo leaca,
Mo chroí gur cheangail san óg-bhuinneán!


‘S a chailíní óga, mo chomharle má dheineann sibh,
‘S is teinn dúch atuirseach bhím dá bharr,
‘S mé ‘lui lé seanduine caite gan luadar,
‘S ná fuil dá bharr agam ach uail bheag cnámha!
A’ machtnamh a bhím san oíche ar mo leabaidh
Ar a’ seanduine gcríona, len’ aois go gcrapann sé,
Seochas a’ gcroí-fhear a shínfeadh ar leabaidh liom,
‘S go mb’fhiú é ar maidin a phóg úd ‘fháil!

Thúrfainn sé phíosa, ‘s é ‘dhíol ar a’ dtairrnge,
D’éinne beó ghlacfadh mo sgéal ‘n-a láimh,
Do lúifeadh ar shúil mo sgrúile seanduine,
Má thiocfadh a gan fhios i gcomhair é ‘lámhach:
Chuirfeadh ‘á bhátha é i lár na fairrge,
Shinfeadh sa’ díg é ‘s a’ claí do leaga air,
Nú cár bh’fhearr é mar ní an píop a chnaga dhe,
‘S mo sgrúile ‘fháil marbh leath-uair roim lá?

Araoir ar mo leabaidh ‘s mé a’ machtnamh trim nealtaibh,
‘Sea d’airíos gur cailleadh me sheann-donán;
D’éirios im sheasamh ‘s do ghabhas mile baochas
Leis a’ té úd a mhairbh sa’ díg ar lár.
Sé airím ‘á bhuachnaint gur shuathadar eatorrtha é
Gurbh í an lair rua do bhuail is do mhairbh é,
Beir sgéal leat uaim go dtí an buachaillín meacanta
Gur chuireas me sheanduine I gCill Chocáin!

English: The Old Man of Kilcockan (Original version)