Sí an níon sin San Seóirse
an oígbhean rug barr
Le deise, le mórdháil,
le sgéimh is le breácht.
‘Sí an ainnear chiúin óg í,
‘sí is ionnraic’ a’s is fearr
Ón tSionainn chunna h-Ómuí,
ón Ómui go Droichead Átha,
Portumna na long is
go Luimneach na mbád,
go deimhim, a Mhailí mhaighdean,
níl do leithid-se le fail!
Is mé an síogaí ón ndíleann
Ar bhruach loch’ a’ snámh,
Is mé an síogaí ga mo dhíbirt
Ó Ghaillimh’s gach áit.
Bíonn lion ar gach taobh dhíom
Chuir na mílte chun báis,
Líon a mbíonn síothbhraíocht
Is lion a mbíonn grá:
Mo chreach mór’s mo dhíth nach
I lion aca táim,
‘S gan m.fhuasgailt ag aoinneach
ach ag an mhaighdean deas mná!
Tá mo chaired gá shíor-rá liom
go bhfuilim gan chéill,
Go bhfuil grá agam ar Mháire
‘s gan fáth dhomh bheith lé:
Go mbíom gá síor-shása
‘s ag innse na mbréag,
‘S gur binne liom nó cláirseach
foghar a béil.
Tá an bás ga mo chrá’s is
fogus domh an t-éag,
Go deimhin, a Mhailí mhaighdean,
muna ngéabhair liom féin!